![]() |
![]() |
Is Gaelscoil í Gaelscoil Thromaire atá lonnaithe i lár na tíre i gContae laoise. Tógadh an scoil i 1901. Gnáth bunscoil a bhí inti ar dtús agus i 1998 thug Mícheál Ó Máirtín aitheantas dúinn mar Ghaelscoil.
Faoi Láthair tá beirt ag múineadh anseo, Liam Ó Néill agus Fiona Ní Chonchúir. Tá Fiona ag obair linn go dtí go dtagann múinteoir nua anseo. Tá Seán Ó Bróithe ag obair páirt aimsearach ag tabhairt aire dúinn ar fad.
Gaelscoil Thromaire is a two teacher Gaelscoil in County Laois. The school was built in 1901 and in 1998 The Minister of Education at the time Mícheál O Máirtín agreed to recognize the school as a Gaelscoil.
At present the staff members are Liam Ó Neill and Fiona O Connor. Fiona is working with us until we get a new teacher. We have a part-time caretaker Seán Ó Bróithe. Bhí Seán ar scoil anseo nuair a bhí sé óg.
| An tUasal Liam Ó Néill Maistir na scoile. 1941 - 1981 ![]() |
Stair na Scoile Tógadh an scoil i 1901. Scoil dhá oide a bhí inti ag an am agus bhí scoil eile ann ó 1838 (deirtear) Scoil aon seomra a bhi inti ar dtús ach roinneadh í i 1941 taréis airgead a dhéanamh as oíche cártaí a eagraíodh sa scoil. I 1979 tógadh seomra ranga nua agus i 1983 nuair a tháinig an triú múinteoir tógadh an seomra réamh-dhéanta. I 1989 nuair a d’fhág an triú múinteoir seo deineadh Seomra Fóirne agus Seomra na gCótai as an seomra seo. Rinne lucht bainistíochta na scoile a ndícheall i gcónaí feabhas a chur ar fearais na scoile agus cé gur sean fhoirgneamh atá inti is scoil deas compórdach atá againn inniu. Tá meascán deas den nua is sean sa scoil agus cé go bhfuil tine deas guail ag bárr an ranga tá usáid á bhaint as ríomhairí ó 1988. Bhí sé de nós ag na muinteoirí i gcónaí an Ghaeilge a usáid mar teanga caidrimh na scoile agus rinne Caitlin Uí Mhaoldomhnaigh, Bríd uí Dhíomasaigh, Liam S Ó Néill agus Eilís Uí Bheinéid éacht oibre ar son na teanga agus iad ag múineadh anseo. Sna caogadaí bhíodh ranganna Gaeilge á Mhúineadh ag Liam S O Néill do dhaoine fásta agus nuair a tháinig Coiste Ghlór na nGael le chéile i 1986 thosaigh sé ar an obair seo arís. I 1989 bhí na ranganna seo ar theilifis ar an gclar Iris ’89. As an suim a ath-mhúscail sé i labhairt na Gaeilge i measc na ndaoine fásta a d’fhás an tacaíocht don iarracht ar an scoil a thiontú go Gaelscoil a thosaigh i 1982. Chabhraigh Eilís Uí Bheinéid go mór leis an obair seo agus bhí áthas ar óg is sean sa cheantair nuair a chualamar go raibh an tAire sasta aitheantas iomlán a thabhairt le héifeacht ó 1 Meán Fómhair 1998 |
![]() Muinteoirí agus daltaí na scoile 1929 |
![]() Muinteoirí agus daltaí na scoile 1951 |




