The Angelus Prayer in Irish
| Fáilte an Aingil Tháinig aingeal an Tiarna le scéala chun Muire, Agus ghabh sí ón Spiorad Naomh. Sé do bheatha, a Mhuire Féach mise banóglach an Tiarna, Déantar liom de réir d’fhocail Sé do bheatha, a Mhuire Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna Agus chónaigh sé inár measc. Sé do bheatha, a Mhuire Guigh orainn, a Naomh-Mháthair Dé Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost. Doirt anuas,impímid, a Thiarna, Do ghrásta inár gcroí, ionas, sinne a fuair fios, trí scéala an aingil, ar theacht Íosa Chríost do mhac Mhac i gcolainn dhaonna, go dtiocfaimis, trí luaíocht a pháise agus a chroise, chun glóir a aiseiri. Tríd an gCríost céanna ár dTiarna. Amen. |
![]() The Angelus is traditionally recited morning (6:00 a.m.), noon and evening (6:00 p.m.) throughout the year except during Paschal time, when the Regina Coeli is recited instead. |
The Angelus The Angel of the Lord declared unto Mary. And she conceived of the Holy Spirit. Hail Mary Behold the handmaid of the Lord. Be it done unto me according to thy word.Hail Mary And the Word was made Flesh. And dwelt among us. Hail Mary Pray for us, O holy Mother of God. That we may be made worthy of the promises of Christ. Let us Pray Pour forth, we beseech Thee, O Lord, Thy grace into our hearts, that we to whom the Incarnation of Christ Thy Son was made known by the message of an angel, may by His Passion and Cross be brought to the glory of His Resurrection. Through the same Christ Our Lord. Amen. |
Ná Briathra Neamhrialta
Gach Lá Téann Seán suas staighre Feiceann sé an tsíleáil Cloiseann sé torann thíos faoi Tagann sé anuas Tugann Mamaí milseán dó Deir sé “Go raibh maith agat” Itheann sé é Faigheann sé a mhála scoile Beireann sé ar a chóipleabhar Déanann sé a cheachtanna Bíonn sé sásta |
Inné ChuaighSeán suas staighre Chonaic sé an tsíleáil Chuala sé torann thíos faoi Tháinig sé anuas Thug Mamaí milseán dó Dúirt sé “Go raibh maith agat” D’ith sé é Fuair sé a mhála scoile Rug sé ar a chóipleabhar Rinne sé a cheachtanna Bhí sé sásta |
Amárach Rachaidh Seán suas staighre Feicfidh sé an tsíleáil Cloisfidh sé torann thíos faoi Tiocfaidh sé anuas Tabharfaidh Mamaí milseán dó Déarfaidh sé “Go raibh maith agat” Íosfaidh sé é Gheobhaidh sé a mhála scoile Béarfaidh sé ar a chóipleabhar Déanfaidh sé a cheachtanna Beidh sé sásta |
Dá mbeadh Rachadh Seán suas staighre D’fheicfeadh sé an tsíleáil Chloisfeadh sé torann thíos faoi Thiocfadh sé anuas Thabharfadh Mamaí milseán dó Déarfadh sé “Go raibh maith agat” D’íosfadh sé é Gheobhadh sé a mhála scoile Bhéarfadh sé ar a chóipleabhar Dhéanfadh sé a cheachtanna Bheadh sé sásta |
